Is é atá beartaithe leis an suíomh seo ná gur stóras mór a bheas ann d’áiseanna iar-bhunoideachais. Beimid ag cur le líon na n-áiseanna ar an suíomh ar bhonn leanúnach.

Déanann an suíomh freastal ar an dá churaclam sa tír ag gach leibhéal ó aois 11 go dtí aois 18.

Is féidir cuardach a dhéanamh de réir aoisghrúpa, de réir ábhair nó de réir réimse foghlama.


Réimsí Foghlama

Chuir muid na hábhair éagsúla le chéile faoi ‘réimsí foghlama’ le struchtúr an tsuímh a dhéanamh níos eagraithe agus níos inchuardaithe. Is féidir na hábhair éagsúla atá liostaithe faoi gach réimse foghlama a fheiceáil anseo.


Cé muid féin?

Tá an suíomh seo á riar ag an Áisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Maoiníonn Foras na Gaeilge an tÁisaonad le háiseanna teagaisc agus foghlama a sholáthar do Ghaelscoileanna ó cheann ceann na tíre.


Cé a sholáthraíonn na háiseanna?

Déanann foireann an Áisaonaid roinnt áiseanna don suíomh seo a chruthú ó bhun. Iarraimid ar chleachtóirí a bhfuil saineolas acu ar an réimse foghlama lena mbaineann an áis cáilíocht agus cruinneas an ábhair a dhearbhú. Ar a bharr sin, tá cead faighte againn ó COGG roinnt ábhar iar-bhunoideachais atá cruthaithe acu féin a óstáil ann agus beimid ag comhoibriú le páirtithe leasmhara eile le hábhair eile a fhoinsiú.

Tá an tÁisaonad teoranta, áfach, i dtaca leis an mhéid ama is ceadmhach dúinn a dhíriú ar an iar-bhunoideachas. Mar sin de, bímid ag brath go mór ar chleachtóirí ábhair dá gcuid féin a roinnt linn. Déanaimid féin eagar a chur ar an ábhar agus aon íomhánna a ghabhann leis a chur in oiriúint nó más gá, íomhánna a fhoinsiú.

Má tá aon áiseanna agatsa ar ghné ar bith de d’ábhar féin a bheifeá sásta a roinnt, is féidir iad a chur chuig alt_nua@aiseolas.com.

Mar an gcéanna, bímid breá sásta ábhair le scoláirí a fhoilsiú, a chuideodh le scoláirí eile a bheadh ag gabháil don ábhar céanna.

Más mian leatsa alt ar ábhar nó ar thopaic faoi leith a iarraidh, is féidir é sin a dhéanamh tríd an fhoirm seo.

Eolas Teicniúil

Gléasanna

Ba cheart go n-oibreodh an suíomh seo ar gach cineál gléis, fóin phóca san áireamh, ach molaimid go láidir duit gan rud ar bith níos lú ná iPad nó Táibléad a úsáid, le go mbeidh gach rud ag obair duit.


Brabhsálaithe

Oibreoidh 99% den suíomh seo ar gach ceann de na príomhbhrabhsálaithe idirlín (Internet Explorer, Firefox, Chrome, Safari srl.) ach tá seans ann nach n-oibreoidh cuid den ábhar idirghníomhach ar Internet Explorer.