Iarratas ailt

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh ábhair nó ailt réamhdhéanta ó chleachtóirí ar an suíomh seo, ailt a rachaidh chun tairbhe do chleachtóirí eile agus do scoláirí.

Is féidir linn, chomh maith, ailt a bhunú ar ábhair eile atá agat (i nGaeilge nó i mBéarla) nó na hábhair sin a chur in oiriúint don suíomh i.e. sleachta as téacsleabhar nó bileoga nó leathanaigh oibre– is féidir linn alt Áiseolais a bhunú orthu seo, gan aon chóipcheart a shárú. Má tá a leithéid sin d’ábhair ailt agatsa, is féidir iad a sheoladh chuig alt_nua@aiseolas.com.

Ach bímid lánsásta chomh maith ailt agus ábhair a chruthú ó bhun – níl le déanamh agat ach a rá linn cad é go díreach ba mhaith leat agus déanfaidh muid ár ndícheall freastal ort. Is féidir an fhoirm seo thíos a úsáid le hailt nua a iarraidh.

(Ní fhoilseoidh muid choíche sonraí pearsanta ná sonraí scoile daoine, ach amháin nuair a bhímid ag gabháil buíochais le daoine as ábhair a sheolann siad chugainn agus nuair a fhaighimid cead roimh ré.)


Coinnímid gach eolas uait faoi rún
Coinnímid gach eolas uait faoi rún
Déanfaidh muid teagmháil leat nuair a bheas d’alt réidh
Ar eagla go mbeadh ceisteanna againn
An t-ábhar foghlama lena mbaineann sé
Cén leibhéal lena mbaineann an t-ábhar?

Má tá sampla agat den chineál ruda atá ar intinn agat nó go fiú leagan Béarla nó leagan eile a thiocfadh linn a úsáid mar threoir, mholfadh muid duit é sin a chur chugainn tríd an ríomhphost: alt_nua@aiseolas.org. Ar an drochuair, ní cheadaímid uaslódálacha comhad anseo mar gheall ar chúinsí slándála.