An Ilchineálacht – Cuid 1


Saoránacht Áitiúil agus Domhanda, 2024 Meitheamh, 2024

An Ilchineálacht


Sula gcuireann tú tús leis an cheacht seo, léigh na treoracha seo faoin dóigh leis na leathanaigh seo a úsáid.

Tá spás ann faoi gach ceist ar an leathanach seo ina dtig leat do fhreagra a scríobh ach NÍ THIG LEAT na freagraí a shábháil ar an leathanach seo agus teacht ar ais chucu. Nuair a bhíonn do chuid freagraí scríofa isteach agat, agus tú sásta leo, cliceáil ar an chnaipe ‘EASPÓRTÁIL’ ag bun an leathanaigh. Osclóidh sé seo leathanach nua ar a mbeidh na freagraí s’agat. Beidh tú ábalta an leathanach seo a shábháil mar PDF nó a phriontáil. Beidh an múinteoir ábalta cuidiú leat leis seo.

Faoi dheireadh an cheachta seo:

  • beidh mé ábalta sainmhíniú a thabhairt ar an chiall atá le ‘hilchineálacht’.
  • beidh mé ábalta an méid ilchineálachta sa scoil agus sa phobal s’agam a fhiosrú.
  • tuigfidh mé cé chomh tábhachtach is atá an ilchineálacht dom féin.



An sainmhíniú ranga ar an ilchineálacht ná:


Cé chomh hilchineálach is atá an seomra ranga s’agat?

Déan liosta de na grúpaí éagsúla uilig atá ann i do sheomra ranga. Déan iarracht teacht aníos le cúig ghrúpa dhifriúla, ar a laghad.



Tátal


1. Cén grúpa a raibh an líon is mó daltaí ag baint leis?

2. Cén grúpa a raibh an líon is lú daltaí ag baint leis?

3. An dtig leat smaoineamh ar shampla de ghrúpa éagsúil eile nach bhfuil ann i do sheomra ranga?


Ilchineálacht sa Phobal:

Tasc:

Smaoinigh ar an turas a rinne tú chun na scoile inniu. Cá mhéad sampla difriúil den ilchineálacht a chonaic tú ar do bhealach ar scoil? 

Déan liosta de chúig cinn, ar a laghad, díobh seo:



Foghlaim sa Bhaile 1:

🌍 Déan do léarscáil féin a tharraingt agus a chruthú ar an leathanach glan sa leabhrán. Cuir isteach na samplaí difriúla uilig den ilchineálacht a fheiceann tú ar do bhealach ar scoil gach lá.


🌍 Scríobh ainm an tsampla ilchineálachta agus cum siombail leis an sampla sin den ilchineálacht a léiriú.  


🌍 Ansin, déan an ghníomhaíocht sínte Obair Bhaile ar na samplaí den ilchineálacht, dar leat, is tábhachtaí agus mínigh na fáthanna a síleann tú go bhfuil sé seo amhlaidh.


Gníomhaíocht Sínte Foghlama Baile – samplaí den ilchineálacht

Roghnaigh an dá shampla den ilchineálacht is tábhachtaí duitse. Mínigh an fáth a bhfuil siad chomh tábhachtach sin.


An fáth a bhfuil sé tábhachtach:


An fáth a bhfuil sé tábhachtach:





A mhúinteoirí – is féidir na ceithre alt seo faoin ILCHINEÁLACHT a íoslódáil i bhfoirm leabhrán pdf inphriontáilte ach cliceáil ar an íomhá thíos. Mar aon leis na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Ilchineálacht, tá rannán breise ann ar Chearta an Duine.