Floreo – Forbairt na hAthléimneachta


Is cúrsa é seo a d’fhorbair múinteoir as Coláiste Mhuire agus Phádraig, an Cnoc, Béal Feirste, le cuidiú leat scileanna athléimneachta a fhorbairt.


Ciallaíonn an briathar Laidine ‘Floreo’ bláth a theacht ort, rath a bheith agat nó go mbeadh ag éirí go geal leat – go bunúsach, tú a bheith ag déanamh go maith sa saol.

Is é an aidhm atá leis an chlár seo ná athléimneacht agus machnamhacht a chothú agus a chur chun cinn. Is scileanna iontach luachmhar iad seo.

Is comhfhocal é ATHLÉIMNEACHT. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé déanta de dhá fhocal.

Ciallaíonn ATH- ar ais nó arís.

Ciallaíonn LÉIMNEACHT tú a bheith ábalta léim.

Tagann an focal MACHNAMHACHT ón fhocal machnamh. Ciallaíonn machnamh ‘smaoineamh go domhain faoi rud’. Cuidíonn an cineál seo machnaimh linn smacht a choinneáil ar ár gcuid mothúchán.


Táthar ag súil go mbeidh daltaí in ann na scileanna seo a úsáid le sláinte mheabhrach dhearfach, folláine mheabhrach agus feidhmíocht acadúil agus phearsanta níos láidre a chur chun cinn. Léiríonn taighde go gcuireann an athléimneacht ar ár gcumas bheith ag plé níos fearr le fadhbanna achrannacha, foghlaim uathu agus an taithí seo a úsáid le cuidiú linn fás agus forbairt a dhéanamh. Go bunúsach, cuidíonn an athléimneacht linn rath a bheith againn.


Mar sin de, cuideoidh an cúrsa seo leat scileanna a fhoghlaim le cuidiú leat léim ar ais agus leanúint ar aghaidh, is cuma cé chomh deacair is a bhíonn na fadhbanna a chuirtear os do chomhair!


An dóign leis an áis a úsáid.

Tá an áis seo ar fáil i bhfoirm PDF.

Tá dhá bhealach ann lena úsáid – beidh sé seo ag brath ar an mhúinteoir.

Thiocfadh leat cóip ardchaighdeáin a íoslódáil agus a phriontáil amach, nó…

Is féidir an leagan idirghníomhach seo a úsáid ar líne agus an obair scríofa uilig a dhéanamh i do leabhar nó ar pháipéar. Is PDF idirghníomhach é seo, ciallaíonn sé sin go n-oibríonn na naisc uilig. Tchífidh tú dhá dheilbhín bheaga ar gach leathanach fosta.

Má chliceálann tú ar an cheann seo, tabharfaidh sé ar ais chuig Clár an Ábhair thú.

Má chliceálann tú ar an cheann seo thíos, tabharfaidh sé ar ais chuig an leathanach seo thú.


Is féidir na naisc seo a úsáid leis an leagan ab fhearr leat den PDF a fháil: