Mí na Nollag, 2025
Tugaimid ‘screamh’ an Domhain ar an chlúdach charraigeach atá ar dhromchla an phláinéid s’againn, agus ní píosa mór soladach amháin atá ann.

Tá dromchla nó screamh an Domhain déanta de phíosaí móra talaimh darb ainm plátaí
Tá screamh an Domhain déanta de phíosaí móra carraige a dtugtar plátaí teicteonacha orthu. Tá na plátaí seo ar snámh ar chiseal de charraig leáite thíos faoi dhromchla an Domhain a dtugaimid an maintlín air.

Luíonn an screamh ar charraig leáite a dtugaimid maintlín an Domhain uirthi
Mar a tharlaíonn do chuid mhór rudaí, agus iad ar snámh, bíonn na plátaí teicteonacha ag bogadh de shíor. Ní bhogann siad ach thart ar cheintiméadar nó ceintiméadar go leith achan bhliain – an méid céanna a fhásann iongaí do choise gach bliain! Ach cé nach ngluaiseann siad rófhada, bíonn tionchar ollmhór ag gluaiseacht seo na bplátaí teicteonacha ar dhromchla an Domhain agus ar gach rud a chónaíonn air. Tagann na tionchair seo i riocht bolcáin agus creathanna talún.

In amanna, nuair a bhuaileann plátaí an Domhain in éadan a chéile nó nuair a bhogann siad ar shiúl óna chéile, bíonn bolcáin nó creathanna talún ann
Mothaímid bunús na dtionchar seo sna háiteanna a dtagann na plátaí teicteonacha le chéile. Tugaimid teorainneacha plátaí (nó, in amanna éasclínte) ar na háiteanna seo. Tá trí phríomhcineál de theorainneacha plátaí ann:
Teorainneacha plátaí déanmhasacha (nó tógála)*: Bogann na plátaí ar shiúl óna chéile. De réir mar a imíonn na plátaí óna chéile, tagann carraig leáite darb ainm magma aníos as taobh thíos de screamh an Domhain. Nuair a sceitear an magma amach ar talamh, tugaimid laibhe air. Sreabhann an laibhe go mall. Is minic a chruthaítear sciathbholcáin ar theorainneacha plátaí mar seo. De réir mar a fhuaraíonn an laibhe gach uair a bhrúchtann an bolcán, carnann sé ina sraitheanna agus seo an rud a chruthaíonn cruth an sciathbholcáin.

Sciathbholcáin

Bolcán cumaisc

Bolcáin
Tá dhá phríomhchineál de bholcáin ann:

Daraga, bolcán cumaisc sna hOileáin Fhilipíneacha. Tógadh an grianghraf seo i mí Aibreáin, 2013
Nuair a bhrúchtann bolcán, scaoileann sé amach laibhe. Is carraig leáite é seo. Scaoiltear amach méideanna móra de gháis nimhiúla fosta amhail dé-ocsaíd charbóin agus dé-ocsaíd sulfair. Bíonn tionchar ag na gáis seo ar chaighdeán an aeir agus go fiú ar an aimsir.
Laibhe agus gáis nimhiúla á gcaitheamh amach as bolcán
Cuireann dé-ocsaíd charbóin leis an téamh domhanda, ar ndóigh, ach is féidir go gcuirfeadh an dé-ocsaíd sulfair leis an fhuarú domhanda, ar feadh tréimhse ghairid. Imoibríonn an dé-ocsaíd sulfair le braoiníní uisce san atmaisféar agus déantar cáithníní beaga a dtugtar sulfáití aerasóil orthu. Frithchaitheann siad seo solas na Gréine agus laghdaíonn siad an méid fuinneamh gréine a bhaineann dromchla an Domhain amach.
Scamall luaithreamháin san Íoslainn i mí Feabhra, 2024
Creathanna Talún
Tarlaíonn creathanna talún nuair bhíonn strus ann ar feadh na n-éasclínte ar screamh an Domhain. Nuair a éiríonn an strus seo rómhór, scaoiltear é mar fhuinneamh seismeach.
Is féidir éasclínte a thabhairt ar na teorainneacha plátaí. Bíonn na plátaí seo ag bogadh de shíor agus cruthaíonn sé seo strus sna háiteanna a mbuaileann siad lena chéile

An méid a tharlaíonn don talamh ag na teorainneacha plátaí difriúla
Úsáidtear scála darb ainm Scála Richter le déine nó neart creathanna talún a thomhas. Labhraímid ar mhéid an chreatha talún ar an Scála Richter. Mar shampla, bheadh crith talún ar mhéid 6.0 ar Scála Richter láidir go leor le damáiste a dhéanamh do thithe. Bheadh crith talún ar mhéid 7.0 láidir go leor le foirgnimh a leagan.
Scála Richter
Tá gach pointe ar an scála 10 n-uaire níos láidre ná an pointe roimhe. Mar sin, bheadh crith talún ar mhéid 7.5 níos mó ná 100,000 uair níos láidre ná crith talún ar mhéid 2.5
Is minic a tharlaíonn creathanna talún ar éasclínte áit a mbíonn teorainneacha plátaí coinbhéirseacha ann nó bíonn brú ard agus a lán frithchuimilte ann nuair a thagann na plátaí le chéile. Tarlaíonn a lán creathanna talún ar éasclínte na dteorainneacha plátaí i gceantar a dtugtar Fáinne Tine an Aigéin Chiúin air.
Fáinne Tine an Aigéin Chiúin
Tarlaíonn a lán creathanna talún ar na héasclínte áit a mbíonn teorainneacha claochlúcháin ann. Scaoileann na plátaí fuinneamh nuair a shleamhnaíonn siad thart lena chéile. Mar shampla, tarlaíonn a lán creathanna talún ar feadh éasclíne San Andreas in California Mheiriceá.
Éasclíne San Andreas in California Mheiriceá, áit a dtagann Pláta an Aigéin Chiúin agus Pláta Mheiriceá Thuaidh le chéile
I mbailte agus i gcathracha sna ceantair seo, bíonn rialacha tógála ann a chinntíonn go mbíonn gach teach nó foirgneamh úr a thógtar deartha go speisialta, le go seasfaidh siad níos fearr i gcoinne na gcreathanna talún. Baintear úsáid as ábhair thógála éadroma solúbtha, le nach mbeidh an oiread céanna gortuithe nó básanna ann má thiteann tithe agus foirgnimh ar dhaoine le linn creathanna talún.

Achoimre ar na Fíricí

Déanann eolaithe monatóireacht i rith an ama ar an ghníomhaíocht bholcánach agus ar ghníomhaíocht sheismeach ar fud an Domhain, mar iarracht ar theagmhais bholcánacha nó seismeacha a thuar. Úsáideann siad satailítí, dróin agus braiteoirí speisialta le monatóireacht a dhéanamh ar bholcáin agus úsáidtear braiteoirí speisialta le monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht sheismeach chomh maith.
Seismeagraf – an gléas a thomhaiseann méid an chreatha talaimh
Ach in ainneoin na teicneolaíochta ar fad atá againn, is féidir go dtiocfadh crith talún nó brúchtadh bolcáin gan choinne go fóill. Mar sin de, bíonn an t-oideachas ríthábhachtach i gceantair na dteorainneacha plátaí le beatha daoine a shábháil. Bíonn cleachtaí speisialta ann i scoileanna agus in áiteanna oibre, cosúil leis na cleachtaí tine a bhíonn againne, le go mbíonn a fhios ag daoine an rud atá le déanamh sa chás ina dtarlódh tubaiste.