Turasóireacht Áitiúil – an fiú í?



Nollaig 2025


Tá borradh mór ar Bhéal Feirste ó thaobh na turasóireachta de


Níl le déanamh ach amharc ar na crainn thógála sa spéir, ar na hóstáin nua atá ag preabadh aníos ar fud na cathrach agus éisteacht leis na canúintí difriúla atá le cluinstin i gcathair Bhéal Feirste lena thuigbheáil go bhfuil borradh mór faoin turasóireacht sa chathair. Cuidíonn na himeachtaí mór le rá a bhí againn, agus a bheas ag teacht aníos sa bhliain 2025/2026, ar nós Oireachtas na Samhna agus Fleadh Ceoil na hÉireann, leis na mílte cuairteoir nua a mhealladh isteach.

Is cinnte go meallfaidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 na mílte mílte cuairteoir chun na cathrach

© Turasóireacht Éireann le Brian Morrison


Léiríonn na figiúirí uilig go bhfuil fás suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag roghnú Béal Feirste mar cheann scríbe turasóireachta. Sa bhliain 2024, thaistil breis is 10 milliún turasóir chuig Béal Feirste faoi choinne turas lae agus stop 4.7 milliún thar oíche sa chathair. Taispeánann na figiúirí seo an tionchar dearfach a bhíonn ag an turasóireacht ar chúrsaí eacnamaíochta sa chathair fosta agus na tairbhí suntasacha a bhíonn ann do ghnóthaí áitiúla, le poist nua a chruthú agus le hinfheistíocht a spreagadh san infreastruchtúr.

Pic le Glenn Service / Shutterstock.com


Le sampla den infheistíocht seo a fheiceáil, ní gá dúinn ach amharc ar an stáisiún traenach agus bus nua a tógadh ar na mallaibh, ar chostas de £340 milliún, le tacú agus cur le fás na turasóireachta seo.

Mórstáisiún Bhéal Feirste – mol iompair bus agus traenach

Pic le Rossographer trí Wikimedia Commons CC BY-SA 2.0


Nuair a smaoiníonn tú ar na nithe uilig ar díol spéise iad do thurasóirí atá ar fáil, cén ceann a sheasann amach duit féin? (Cliceáil ar gach pictiúr le níos mó eolais a fháil.)

Príosún Bhóthar Chromghlinne

An Odyssey (nó an SSE Arena)

Ionad Cuairteora an Titanic

Margadh Nollag Bhéal Feirste


Tá rud éigin ar leith i gcoitinne ag na háiteanna uilig thuas – níl aon cheann acu lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste. Dá bhrí seo, is léir nach bhfuil an borradh seo faoin turasóireacht ag dul i bhfeidhm ar Iarthar Bhéal Feirste ar an dóigh chéanna a dtéann sé i bhfeidhm ar chodanna eile den chathair. Níl Iarthar Bhéal Feirste ag feiceáil na mbuntáistí céanna ón mhéadú seo sa turasóireacht ach tá buntáistí le feiceáil.

Bóthar na bhFál, Iarthar Bhéal Feirste, radharc ón spéir

Pic le caoinchead Fáilte Feirste Thiar


Tháinig tuairisc amach ar na mallaibh ó Fáilte Feirste Thiar, eagraíocht a cuireadh ar bun in 2008 le hIarthar Bhéal Feirste a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta. Is léir ó na figiúirí is déanaí atá le sonrú sa tuairisc go bhfuil obair na gcapall déanta acu thar na blianta le hIarthar Bhéal Feirste a bhrú mar cheann scríbe den scoth.


Thug Fáilte Feirste Thiar le fios sa tuairisc bhliantúil s’acu gur thug níos mó na 3 mhilliún duine cuairt ar Iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2024 agus, dá thairbhe seo, gur tugadh luach suntasach de £135 milliún isteach san eacnamaíocht áitiúil.

I measc na dturasóirí seo, bhí turasóirí intíre agus turasóirí isteach agus iad ag taisteal go dtí an ceann scríbe seo ar mhaithe le fáthanna difriúla. Is cinnte go mbeadh fás Fhéile an Phobail, an fhéile phobail is mó in Éirinn, ar cheann de na fachtóirí is mó ba chúis leis an fhás agus le tarraingt na gcuairteoirí go hIarthar Bhéal Feirste mar cheann scríbe, ach is cinnte nárbh é seo an t-aon fáth. Mar aon le Féile an Phobail, roghnaigh na turasóirí an ceann scríbe seo mar gheall ar thosca tarraingthe eile ar nós cultúr, teanga agus stair na háite.

Seo thíos briseadh síos ar na tosca tarraingthe seo.

2024 – Cuairteanna Turasóra

Sonraí Turasóireachta

  • 🧳 Nithe cultúrtha agus eile ar díol spéise do thurasóirí iad — 210,000
  • 🧳 Óstáin agus Soláthraithe Lóistín — 67,500
  • 🧳 Tionscnóirí Turas agus Grúpaí Turasóireachta — 743,200
  • 🧳 Spórt — 169,700
  • 🧳 Féilte agus Imeachtaí — 164,900
  • 🧳 Páirceanna agus Spásanna Glasa — 684,000
  • 🧳 Nithe suaitheantais fáilteachais ar díol spéise iad — 910,000
  • 🧳 Ionaid Miondíola Suaitheanta — 51,783
  • 🧳 Pobal na nEalaíon — 8,000
  • 🧳 Forais Oideachais — 35,000
Iomlán: 3,044,083


In 2019, d’fhoilsigh Fáilte Feirste Thiar figiúirí a léirigh gur thaistil 2 mhilliún turasóir go dtí Iarthar Bhéal Feirste. Thaispeáin figiúirí 2024 go bhfuil méadú 50% i ndiaidh teacht ar líon na gcuairteanna turasóra ó bhí 2019 ann.

Slua daoine a bhailigh le haghaidh nochtadh múrphictiúir le linn Fhéile an Phobail i mí Lúnasa, 2024 – neart turasóirí ina measc


Turasóireacht Intíre agus Isteach

Níl eolas beacht ag Fáilte Feirste Thiar maidir leis na figiúirí i dtaobh turasóirí intíre agus turasóirí isteach ach is féidir linn léargas de chineál éigin a fháil ón eolas thíos.


💰 De réir an taighde atá déanta, caitheann gach turasóir lae idir £40-£60 ar an mheán! 

Luach na dTurasóirí Lae – £119,063,320

Ceoltóirí a tháinig go Béal Feirste le haghaidh féile cheoil TradFest i mí Lúnasa 2025 – tagann cuid mhór turasóirí intíre ar chuairt lae dá leithéid d’ócáid

Pic © Turasóireacht Éireann le Brian Morrison


💰 Ó na sonraí uilig atá bailithe ag Turasóireacht Éireann, meastar go gcaitheann gach turasóir thar oíche £242.34.

Luach na dTurasóirí Thar Oíche – £16,357,950

Tá na turasóirí thar oíche iontach tábhachtach do na hóstáin i lár na Cathrach


Léiríonn sé seo na buntáistí eacnamaíocha atá le feiceáil ón turasóireacht agus is cinnte gur féidir é seo a fhorbairt agus a fhás gach bliain.

Sin ráite, caithfidh plean turasóireachta inbhuanaithe a bheith ann, mar aon le hionchur láidir ón phobal áitiúil. Tugann an t-eolas seo uilig thuas léargas dúinn ar luach na turasóireachta intíre agus ar na féidearthachtaí atá ann don cheann scríbe nuair a bhíonn plean turasóireachta, infheistíocht agus ionchur ón phobal áitiúil ann.


Líon isteach na Bearnaí

  1.   mór ar Bhéal Feirste ó thaobh na turasóireachta de.
  2. Thaistil breis is   milliún turasóir chuig Béal Feirste faoi choinne turas lae in 2024.
  3. Stad   milliún turasóir thar oíche sa chathair in 2024.
  4. Tógadh an stáisiún traenach agus bus nua ar chostas £  milliún.
  5. Tugann an t-eolas sa tuairisc léargas ar obair Fáilte Feirste Thiar le hIarthar Bhéal Feirste a bhrú mar cheann   turasóireachta.
  6. Thug níos mó ná   mhilliún duine cuairt ar Iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2024.
  7. Tugadh luach £  milliún isteach san eacnamaíocht áitiúil dá thairbhe na gcuairteoirí.
  8. Caitheann gach turasóir lae idir £  agus £  ar an mheán.
  9. Meastar go gcaitheann gach turasóir thar oíche £ .
  10. I measc na dtosca tarraingthe tá cultúr,   agus stair na háite.
  11. Bhí méadú  % ar líon na gcuairteanna turasóra idir 2019 agus 2024.
  12. Is é an catagóir “Nithe suaitheantais fáilteachais” a mheall an líon is mó cuairteoirí –   duine.
  13. Ceann de na hionaid turasóireachta is mó sa chathair ná Ionad Cuairteora an  .
  14. Níl an borradh faoin turasóireacht ag dul i bhfeidhm ar   Bhéal Feirste ar an dóigh chéanna.
  15. Caithfidh plean turasóireachta a bheith   chun an tionscal a fhorbairt ar bhonn fadtréimhseach.

borradh
10
4.7
340
scríbe
3
135
40
60
242.34
teanga
50
910,000
Titanic
Iarthar
inbhuanaithe


 

Ceisteanna Sínte agus Gníomhaíochtaí


  1. Tuiscint agus téarmaíocht
    1. Mínigh na téarmaí seo a leanas i do chuid focal féin : ceann scríbe turasóireachta; turas lae; infheistíocht san infreastruchtúr (thiocfadh leat samplaí a lua le do fhreagraí a neartú).
    2. Úsáid samplaí ón alt leis an téarma tosca tarraingthe a mhíniú.
    3. Mínigh i do chuid focal féin an difear idir turasóir lae agus turasóir isteach.
    4. Cén fhianaise san alt a léiríonn go bhfuil an turasóireacht ag fás sa chathair? Luaigh dhá staitistic, ar a laghad.
    5. Ainmnigh ceithre ionad turasóireachta sa chathair a mheallann cuairteoirí go Béal Feirste.
    6. Dar leis an alt, cad chuige nach bhfuil Iarthar Bhéal Feirste ag baint na mbuntáistí céanna as an bhorradh seo atá faoin turasóireacht, is atá codanna eile den chathair a bhaint?
    7. Cad é mar a dhéanann mol iompair £340 milliún ceann scríbe turasóireachta níos tarraingtí do chuairteoirí?
    8. Amharc ar mhiondealú na gcuairteoirí go hIarthar Bhéal Feirste in 2024. Cén catagóir de nithe ar díol spéise iad a mheall an líon is mó cuairteoirí chuig an cheantar?
    9. Cad é an difear idir an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag turasóirí lae ar cheann scríbe agus an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag turasóirí thar oíche?
    10. Roghnaigh toisc tharraingthe amháin (m.sh. cultúr, teanga, stair) agus mínigh na bealaí a gcuirfeadh sé seo leis an tarraingt a bheadh ag áit mar cheann scríbe turasóireachta.
  2. Anailís & Smaointeoireacht Chriticiúil
    1. Cén fhianaise atá le fáil ón alt lena léiriú go bhfuil an turasóireacht ag fás sa chathair? Luaigh dhá staitistic, ar a laghad, agus mínigh an rud a léiríonn siad dúinn, dar leat.
    2. Déantar nasc san alt idir imeachtaí móra (féilte) agus méadú ar an líon cuairteoirí go Béal Feirste. An dtig leat smaoineamh ar mhíbhuntáistí ar bith a bheadh ag baint le bheith ag brath barraíocht ar imeachtaí dá leithéid le cuairteoirí a mhealladh?
    3. Déan na ceithre ionad turasóireachta atá luaite san alt (Ionad Cuairteora Titanic, Príosún Bhóthar Chromghlinne, an Odyssey agus Margadh Nollag Bhéal Feirste) a rangú in ord tábhachtacha, ó thaobh na turasóireachta de. Mínigh an fáthanna leis na roghanna a rinne tú.
    4. Mínigh na fáthanna a mbeadh an phleanáil inbhuanaithe turasóireachta agus ionchur ón phobal tábhachtach don turasóireacht ar bhonn fadtréimhseach.
  3. Tionscadal — “Mo cheantar féin mar cheann scríbe turasóireachta”

    1. Roghnaigh baile, sráidbhaile nó ceantar (do cheann féin, nó ceann a mbeadh eolas maith agat air).
    2. Bailigh sonraí faoin áit: tréithe nádúrtha nó tréithe eile, imeachtaí oidhreachta nó cultúrtha a bhíonn sa tsiúl (féilte srl.), inrochtaineacht (cé chomh furasta is atá sé an áit a bhaint amach agus taisteal thart ann), áiseanna do thurasóirí (óstáin, bialanna, ionaid turasóireachta srl.).
    3. Scríobh cur i láthair 300-500 focal leis an áit a dhíol le turasóirí. Cén fáth ar fiú teacht chuig an áit seo (luaigh na tosca tarraingthe agus tabhair fianaise).
    4. Nó: cruthaigh póstaer nó bileog fógraíochta don áit nó físeán fógraíochta 2 bhomaite.