Samhain 2025
Cad is tuiseal ann?
Léiríonn an tuiseal an jab atá ag an ainmfhocal san abairt.
Tá an t-uisce sa bhuicéad.
Tá an buicéad san uisce.
Tá an t-uisce sa bhuicéad…agus tá an buicéad san uisce! Cad é atá le tabhairt faoi deara maidir le litriú difriúil na bhfocal sa dá abairt?
Tá na focail chéanna sa dá abairt thuas, ach níl siad sa tuiseal céanna sa dá abairt – níl an jab céanna acu, agus athraíonn sé sin ciall na habairte.
Tá tuisil in achan teanga, ní rud é a bhaineann leis an Ghaeilge amháin. I roinnt teangacha, bíonn rialacha casta ag baint leis na tuisil.
Tá 4 thuiseal sa Ghearmáinis agus bíonn ort na hailt agus na haidiachtaí a litriú ar bhealach difriúil i ngach tuiseal. Tá níos mó tuiseal arís sa Pholainnis agus sa Rúisis. San Fhionlainnis, tá níos mó ná dosaen tuiseal ann!
Sa Ghearmáinis, athraíonn tú litriú an ailt (an focal an) ag brath ar an tuiseal (agus tá trí inscne acu – firinscneach, baininscneach agus neodrach)
Tá tuisil ann sa Bhéarla ach ní chuireann siad isteach ar litriú na n-ainmfhocal ná na n-aidiachtaí. An t-aon áit a ndéanann na tuisil difear ná leis na forainmneacha – I, you, he, she, it, me, you, him, her, mine, yours srl.
I agus me, sa Bhéarla, mar shampla – I have a book; He gave me a book.
Go bunúsach, is ionann I agus Me – is é an duine céanna atá ann! Ach bíonn orainn iad a litriú agus a úsáid ar bhealach difriúil ag brath ar an ról atá acu san abairt.
She (tuiseal ainmneach) spoke to her (tuiseal tabharthach)

An mbeadh iontas ort dá ndéarfadh muid leat go bhfuil baint idir an focal ‘tuiseal’ agus an focal ‘tuisle’ sa Ghaeilge?
Ciallaíonn ‘tuisle’ titim, titim thar rud go háirithe. ‘Baineadh tuisle asam ar chloch’ – thit mé thar chloch. D’aistrigh gramadóirí na Gaeilge an focal go díreach ón Laidin i bhfad siar, agus iad ag iarraidh rialacha na teanga a mhíniú.
Sa Laidin, baineann an focal ‘casus’ (áit a bhfuair lucht an Bhéarla an focal case) leis an bhriathar cadere – titim.
Tá sé seo amhlaidh i gcuid mhaith teangacha eile san Eoraip fosta, go bhfuil baint idir an focal atá acu ar thuiseal sa ghramadach, agus an briathar titim – cén fáth?…Tiocfaidh muid ar ais chuig an fhreagra ag deireadh an ailt seo!
Tuisil na Gaeilge
Sa Ghaeilge, athraímid an dóigh a litrímid na hainmfhocail, agus na haidiachtaí, in amanna, ag brath ar an tuiseal ina bhfuil siad. Le fírinne, áfach, níl sé róchasta agus déanaimid an chuid is mó de na hathruithe seo go nádúrtha, gan smaoineamh faoi. Ní tharlaíonn aon mhórathrú sa litriú ach i dtuiseal amháin (den chuid is mó) – an tuiseal ginideach.
Is iad na tuisil is mó a mbímid ag plé leo sa Ghaeilge ná: an Tuiseal Ainmneach, an Tuiseal Tabharthach, an Tuiseal Ginideach agus an Tuiseal Gairmeach.
An Tuiseal Ainmneach
Seo an leagan (agus an litriú) is bunúsaí den ainmfhocal. Thiocfadh leat focal sa tuiseal ainmneach a rá leis féin agus bheadh sé iomlán intuigthe – seasann ainmfhocail sa tuiseal ainmneach leo féin.
Fear, Bean, Doras, Fuinneog, Fuinneamh, Otharlann srl.
Úsáidimid an tuiseal ainmneach nuair a bhíonn an t-ainmfhocal ann leis féin agus gan aon cheangal idir é agus ainmfhocal eile ná aon réamhfhocal.
Feicim fear. Ólaim bainne. D’oscail mé doras. Is féileacán é sin.
Má chuirimid an t-alt roimh fhocail sa tuiseal ainmneach, bíonn orainn séimhiú nó t- a chur isteach corruair, ag brath ar cé acu atá an focal firinscneach nó baininscneach, ach ní athraímid deireadh an fhocail.
Feicim an fear. Ólaim an bainne. D’oscail mé an doras. Níl an t-óstán deas. Tá an fhuinneog oscailte. Tá an otharlann gnóthach.
Is féidir ainmfhocail a bheith san uimhir uatha nó san uimhir iolra in achan tuiseal. Sa tuiseal ainmneach, úsáidimid an leagan uatha den alt, an le hainmfhocail chinnte san uimhir uatha agus an leagan iolra, na, le hainmfhocail chinnte san uimhir iolra.
Is maith liom an milseán sin.
Is fuath liom na milseáin sin.
An Tuiseal Tabharthach*

Bíonn orainn an tuiseal tabharthach a úsáid nuair a bhíonn réamhfhocal ceangailte den ainmfhocal. Is iad na réamhfhocail sa Ghaeilge ná ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, ó, roimh, thar, trí, um. Is focail bheaga iad seo a théann roimh ainmfhocail – tugann siad le fios dúinn an áit a bhfuil an t-ainmfhocal, nó an áit as ar tháinig an t-ainmfhocal i gcomparáid le hainmfhocal eile.
NÍ SHEASANN ainmfhocal sa tuiseal tabharthach leis féin, in am ar bith – bíonn réamhfhocal i gcónaí de dhíth. Mar shampla, ní fheicfeá an focal ‘chailín’ nó ‘gcailín’ leis féin in am ar bith, ach bheadh ‘leis an chailín’ nó ‘leis an gcailín’ iomlán ceart.
Sa Ghaeilge nua-aimseartha, ní chaithfidh muid ach tús an ainmfhocail a athrú sa tuiseal tabharthach (99.9% den am*).
Tá na rialacha iontach furasta a leanstan sa tuiseal tabharthach i nGaeilge Uladh (tá na foirmeacha seo iomlán ceadaithe sa Chaighdeán Oifigiúil):
Réamhfhocal + an = séimhiú
Bhí mé ar an bhus
Bhí bean ag an gheata
Is rud as an ghnáth é sin
Chuaigh mé chuig an fheirm
D’imigh mé den bhus
Thug mé úll don mhúinteoir
Léigh mé scéal faoin chogadh
Thit mé sa chlós (i + an = sa*)
Bhí mé ag damhsa leis an bhuachaill
Tháinig mé ar ais ón chóisir
Tá eagla orm roimh an mhadadh
Léim mé thar an chlaí
Shiúil mé tríd an pháirc
Dhruid siad isteach um an chaisleán
Sa chaighdeán oifigiúil, sna canúintí eile:
Ag, ar, as, chuig, faoi, le, ó, roimh, thar, trí, um + an = urú
agus…
De, do, i + an = séimhiú
Bhí mé ar an mbus
Bhí bean ag an ngeata
Is rud as an ngnáth é sin
Chuaigh mé chuig an bhfeirm
D’imigh mé den bhus
Thug mé úll don mhúinteoir
Léigh mé scéal faoin gcogadh
Thit mé sa chlós (i + an = sa*)
Bhí mé ag damhsa leis an mbuachaill
Tháinig mé ar ais ón gcóisir
Tá eagla orm roimh an mbainisteoir
Léim mé thar an gclaí
Shiúil mé tríd an bpáirc
Dhruid siad isteach um an gcaisleán
*Arís eile, is aistriúchán díreach ón Laidin é ainm an tuisil seo. Tugtar ‘the dative case’ air sa Bhéarla. Tagann an focal dative ón Laidin, dativus agus tagann sé seo ón bhriathar dō – rud a thabhairt do dhuine.
Tugaimid an tuiseal tabharthach air mar gur seo an tuiseal a úsáideann tú nuair a thugann tú rud do dhuine. (Aistríodh ainm an tuisil go díreach ón Laidin.)
An Tuiseal Ginideach

Léiríonn an tuiseal ginideach úinéireacht nó dlúthcheangal idir dhá ainmfhocal. Dá mbeifeá le habairtí ina bhfuil an tuiseal ginideach a aistriú go Béarla, níos minice ná a mhalairt, bheadh an focal beag of iontu.
Is é an tuiseal ginideach is mó a chruthaíonn fadhbanna sa Ghaeilge nó ní hamháin go n-athraímid an litriú ag tús an fhocail, bíonn orainn deireadh an fhocail a athrú go mion minic fosta.
Fear – ainm an fhir.
Bean – ainm na mná.
Sráid – barr na sráide.
Seachtain – deireadh na seachtaine.
Bainisteoir – oifig an bhainisteora.
Fuinneog – leac na fuinneoige.
Mná – leithreas na mban.
Bunscoileanna – Cumann na mBunscoileanna.
Rás – ag rith an rása (at ‘a running’ of the race)
An Tuiseal Gairmeach

Nuair a bhímid ag caint le duine, nó ag gairm ar dhuine – bainimid úsáid as an tuiseal gairmeach. An t-athrú is mó a dhéanaimid sa tuiseal gairmeach ná séimhiú a chur isteach ag tús an ainm nó an ainmfhocail. Bíonn orainn deireadh roinnt ainmfhocal firinscneach a dhéanamh caol fosta – cuirimid i isteach, mar a dhéanaimid sa ghinideach.
A Bhríd!
A Róisín!
A Dhiarmaid!
A chailíní, bígí ciúin!
A Phóil!
A Shéamais!

Bhuel, roghnaigh siad an focal tuiseal, agus baint aige leis an bhriathar ‘tuisliú’, a chiallaíonn titim – mar go bhfuil baint ag gach tuiseal eile leis an tuiseal ainmneach – mar a bheadh na tuisil eile uilig ag titim nó ag tuisliú ón fhoirm is bunúsaí agus is simplí den ainmfhocal – an tuiseal ainmneach!
