Casúr Ladhrach
Is casúr maith ginearálta é seo a bhíonn in úsáid go forleathan san adhmadóireacht. Baintear úsáid as an ladhar le tairní a tharraingt amach as adhmad agus baintear úsáid as ceann an chasúir lena dtiomáint isteach ann.
Is as adhmad nó cruach, de ghnáth, a dhéantar an hanla. Baintear úsáid as dingeacha cruach le ceann an chasúir a cheangal den hanla ionas nach mbainfear an ceann ón hanla agus tairní á mbaint amach.
Casúr ladhrach a bhfuil hanla rubair air
Mionchasúr
Is casúr caol éadrom é an mionchasúr. Baintear úsáid as le pionnaí painéil nó greamanna a thiomáint isteach in adhmad. Is féidir greim a choinneáil ar an phionna le lámh amháin agus an casúr a oibriú go furasta leis an lámh eile mar go bhfuil sé chomh héadrom sin. Baintear úsáid as an chrosphéin le pionnaí gearra a bhualadh.
Mionchasúr
Casúr Péine Liathróide
Is casúr miotail é an casúr péine liathróide. Úsáidtear an casúr seo go minic le miotal a mhúnlú, a lúbadh agus a fhilleadh. Tá casúir phéine liathróide déanta as cruach ardcharbóin. Tá dhá cheann ar an chasúr seo, is aghaidh chothrom é ceann amháin agus is péin liathróide é an ceann eile. Tugtar péin liathróide air mar go bhfuil cruth liathróide air.
Casúr péine liathróide (pic le Connie Posties trí Flickr)
Plánaí
Baintear úsáid as plánaí le dromchla garbh a dhéanamh cothrom nó le píosa adhmaid a dhéanamh níos tanaí. Is minic a dhéantar lann an phlána as cruach thungstain agus an corp as iarann nó as adhmad.
Duine i mbun oibre le plána (pic le Bikswiki123 trí Wikimedia Commons)
Plána Láimhe
Is é an plána láimhe an plána is coitianta a úsáidtear sa tsaotharlann teicneolaíochta. Baintear úsáid as le sliseoga a bhaint de dhromchla an tsaotharphíosa (an t-adhmad a bhfuil tú ag obair air) leis an saotharphíosa a dhéanamh níos lú nó níos tanaí.
Sin, nó baintear úsáid as le dromchla garbh a dhéanamh mín cothrom.
Is féidir an plána a úsáid le méideanna móra adhmaid a bhaint in aon turas amháin.
Siséal Adhmaid
Baintear úsáid as siséal le hadhmad a smiotadh nó le sliseog a bhaint amach as nó le píosaí a scamhadh de dhromchla an adhmaid, mar atá, píosaí beaga d’fhuíolladhmad a bhaint ón saotharphíosa.
Bíonn lann an tsiséil iontach géar agus ós rud é go mbuailtear ceann an tsiséil le máilléad leis an lann a bhrú in éadan an adhmaid, ní mór bheith iontach cúramach leis.
Agus tú ag smiotadh, coinníonn tú greim ar an siséal i lámh amháin agus tú ag bualadh an hanla le máilléad atá sa lámh eile.
Is as plaisteach nó as adhmad de ghnáth a dhéantar hanla an tsiséil.