Béalmhíreanna druilire



Béalmhíreanna


Tugaimid béalmhír ar an mhír bheag mhiotail a chuirimid isteach i mbéal an druilire – seo an rud a dhéanann an poll. Is fearr béalmhíreanna atá déanta as cruach ardluais a cheannach mar go bhfanann an faobhar géar níos faide agus is féidir leo poill a dhéanamh in ábhair atá iontach crua ar fad. Tugtar béalmhíreanna HSS orthu seo – high speed steel.

Bíonn na béalmhíreanna atá déanta as cruach charbóin níos saoire ach níl an caighdeán céanna iontu agus ní mhaireann siad chomh fada céanna.

Bailiúchán de bhéalmhíreanna difriúla





Béalmhír chasdruilire

Is féidir iad seo a fháil i réimse de mhéideanna, ó thrastomhas de 1mm aníos. Is iad na méideanna is coitianta ná idir 1mm agus 10mm. Is dea-chleachtas é, agus poill níos mó á ndruileáil, go ndéanfá treoirpholl níos lú a dhruileáil ar dtús, le béalmhír níos lú.

Tá na béalmhíreanna casdruilire seo uilig déanta as cruach ardluais 


Is féidir béalmhíreanna a fháil atá saindeartha le poill a dhéanamh in adhmad, i bplaisteach agus i miotal, agus i saoirseacht – brící, cloch, coincréit agus a leithéid. 

Sna béalmhíreanna adhmaid, bíonn bior beag ann le cuidiú leat an poll a thosú.

Ar chlé, béalmhíreanna adhmaid, is féidir an bior beag a fheiceáil ag an bharr (pic le tookapic trí Pixabay)



Nuair a bhíonn tú ag druileáil trí mhiotal, is dea-chleachtas bealadh a úsáid le nach n-éireoidh an bhéalmhír ró-the.

Béalmhíreanna miotail (pic le LeoNeoBoy trí Pixabay)


Tá na béalmhíreanna saoirseachta iontach cosúil le gnáth-bhéalmhíreanna casdruilire ach amháin go ndéantar an bior as cruach chairbíde. Tá sí seo thar a bheith crua agus fanann an bior géar, go fiú nuair a bhíonn tú ag druileáil trí chloch.

Béalmhíreanna saoirseachta – is as cruach chairbíde a dhéantar an bior (pic le Byrev trí Pixabay)





  

Béalmhír Chothrom

De ghnáth, úsáidtear an bhéalmhír chothrom i ndruilire cumhachta agus is minice a úsáidtear iad le poll a dhruileáil in adhmad (ach is féidir iad a úsáid i bplaisteach fosta). In amanna, fágann na béalmhíreanna seo bailchríoch níos gairbhe ar an adhmad, go háirithe má dhruileálann tú an bealach ar fad tríd an adhmad – is mó seans go bhfágfaidh siad scealpóga ar an taobh eile.

Béalmhír chothrom


Bíonn béalmhíreanna cothroma ar fáil i méideanna difriúla – idir 8mm agus 32mm, de ghnáth. Tá sé furasta faobhar a chur orthu agus, mar gheall air seo, bíonn siad saor go leor.

Úsáidtear go minic iad le poll fritollta nó poll leathan a dhéanamh san ábhar.

Poll fritollta – poll a dtig leat bolta a chur isteach ann go néata (Pic le Sockagphoto trí Shutterstock)

 





Béalmhír Forstner

Is béalmhír sorcóireach í béalmhír Forstner. Is fear darbh ainm Benjamin Forstner a tháinig aníos leis an chineál béalmhíre seo i lár an 19ú haois. Úsáidtear béalmhír Forstner le druilire cumhachta, de ghnáth, agus bíonn siad ar fáil i méideanna difriúla.

Béalmhír Forstner (pic le Jocic trí Shutterstock)


Úsáidtear béalmhír Forstner le poill fritolltapoill leathana agus poill chothroma a dhéanamh san ábhar.

Bíonn ort treoirpholl a dhruileáil ar dtús le béalmhír níos lú – tugann sé seo túsphointe don bhéalmhír. Mura ndéanann tú an treoirpholl, is mó seans go ndéanfadh béalmhír Forstner damáiste don ábhar a bhfuil tú ag obair air. Fágann an treoirpholl an druileáil níos sábháilte fosta, nó gan an treoirpholl, is mó seans go sciorrfadh béalmhír Forstner.

Úsáid amháin a bheadh le béalmhír Forstner (Pic lPiotr Wytrazek trí Shuttertock)



 

In amanna, úsáidimid béalmhíreanna áirithe le poill níos néata a dhéanamh san adhmad


Le cuma níos néata a chur ar an obair adhmadóireachta, go háirithe nuair a bheadh dhá phíosa adhmaid á gceangal le chéile le scriú nó le bolta, thig linn poll speisialta a dhéanamh le spás a dhéanamh do cheann an scriú nó an bholta le go suífidh sé isteach go deas cothrom le dromchla an adhmaid. Is gnách go n-úsáidimid poll leacaithe faoi choinne scriú agus poll fritollta faoi choinne bolta.





Béalmhír Leacaithe

Rogha de bhéalmhíreanna leacaithe (pic le KPixMining trí Shutterstock)


Úsáidtear an bhéalmhír leacaithe le poll tanaí cónúil a dhruileáil in adhmad. Ansin, nuair a scriúálann tú scriú isteach sa pholl, bíonn ceann an scriú cothrom le dromchla an adhmaid. Is dea-chleachtas é treoirpholl a ghearradh le béalmhír bheag ar dtús le nach sciorrfaidh an bhéalmhír leacaithe. Ní hamháin go mbeadh sé seo contúirteach, dhéanfadh sé damáiste do dhromchla an ábhair fosta.

Is léir go rachaidh ceann cónúil an scriú isteach go néata sa pholl chónúil (pic le Lamnee trí Shutterstock)


Bíonn bior dronuilleach (90°C) ar an bhéalmhír leacaithe de ghnáth, ach is féidir uillinneacha éagsúla a bheith ann – fad is go bhfágtar go leor spáis le go luífidh ceann an scriú cothrom le dromchla an adhmaid.

 





Gearrthóir Poill

Úsáidtear an gearrthóir poill le poill a ghearradh in adhmad nó i bplaisteach ach is ar leatháin thanaí adhmaid a úsáidtear é de ghnáth.

Is é atá ann ná sorcóir a bhfuil lann sáibh chiorclach ag a bhun agus béalmhír chasdruilire ina lár. Soláthraíonn an bhéalmhír chasdruilire an treopholl agus ansin gearrann an lann chiorclach tríd an ábhar. Coisceann an bhéalmhír na fiacla de bheith ‘ag siúl’ (bogadh thart) nuair a bhíonn sé ag gearradh an phoill. Carnann an smionagar ón ghearradh istigh sa sorcóir agus, in amanna, bíonn ort é a fholmhú.

An gearrthóir poill


Uirlisí – baile