Druilire colúin
Úsáidtear an druilire colúin le poill a dhruileáil trí ábhair dhifriúla – miotal, adhmad agus plaisteach, mar shampla. Tiomáineann mótar beag leictreach an druilire seo. Suíonn an druilire ar cholún ard a sheasann ar bhonn daingean ar an urlár.
Is féidir an t-ábhar a bhfuil tú ag iarraidh poll a dhruileáil tríd a chlampáil ar thábla beag ar an druil le cuidiú leat an poll a chur san áit chruinn cheart.
Daingníonn tú an saotharphíosa ar thábla beag ar an druilire
Is féidir an tábla seo a ardú agus a ísliú leis an obair a éascú.
Nuair a bhíonn tú réidh leis an pholl a dhruileáil, úsáideann tú luamhán darb ainm an luamhán fotha le béalmhír an druilire a ísliú síos agus isteach san ábhar atá á dhruileáil.
Caithfidh muid bheith airdeallach ar chúrsaí sábháilteachta agus druilire colúin in úsáid.
Cliceáil ar gach cuid den druilire le cur síos a fháil uirthi (pic den druilire le Pryzmat trí Shutterstock)
Druilire Gan Sreang
Tá cadhnra an druilire ceangailte thíos ag an bhun
Is druilire leictreach é seo ina bhfuil cadhnra in-athluchtaithe. Déantar an Druilire Gan Sreang a úsáid le tionscadail dhifriúla a chur i gcrích agus is féidir é a úsáid ar réimse d’ábhair (ag brath ar an bhéalmhír). Cionn is nach bhfuil sreang ar an druilire seo, tá sé furasta é a iompar agus a úsáid in áiteanna difriúla. Déantar cumhacht an druilire gan sreang a thomhas de réir voltas an chadhnra. Is é 6V an voltas is lú atá ar fáil agus 20V an voltas is airde, de ghnáth. Is ar láithreáin thógála agus a leithéid a úsáidtear an voltas is airde seo. Dá airde an voltas, is láidre an druilire ach is amhlaidh gur troime a bhíonn sé fosta, mar gheall ar mhéid an chadhnra.
Cuireann cadhnraí níos mó le meáchan an druilire
Druilire Láimhe
Is druilire gan chumhacht é an druilire láimhe.
Tá roth giair agus hanla ar an druilire, nuair a bhíonn tú ag iarradh poll a dhéanamh, tiontaíonn tú an hanla agus rothlaíonn sé seo an roth giair. Rothlaíonn tú an roth giair deiseal le druileáil isteach in ábhar.
Cineál druilire láimhe amháin