An luamhán fotha
(istigh faoin chlúdach)
An colún
An bonn
An tábla
Mótar
An fhearsaid agus na giaranna
An crágán
An fhearsaid agus na giarannaTá giaranna ann atá ceangailte den mhótar agus den fhearsaid. Rialaíonn siad luas na fearsaide. Bíonn giaranna éagsúla de dhíth, ag brath ar an chineál ábhair a bhfuil tú ag iarraidh poll a chur tríd agus ar an luas a bhíonn de dhíth ort.
Seafta – pionna miotail a ritheann idir an mótar agus an cnágán. Rothlaíonn an mótar í agus ansin, rothlaíonn an fhearsaid an cnágán
An Luamhán Fotha:
Úsáidtear é seo leis an druilire a bhogadh síos agus aníos
An mótarCruthaíonn an mótar gluaisne rothlach agus tiontaíonn sé seo fearsaid an druilire.
An crágánTá an crágán ceangailte den fhearsaid agus úsáidtear é chun béalmhír an druilire a choinneáil. Úsáidtear an eochair chrágáin chun an crágán a theannadh agus a oscailt arís le béalmhíreanna a athrú.
An táblaIompraíonn an tábla an rud a bhfuil tú ag iarraidh poll a chur ann. Thig leat é a bhogadh suas nó síos agus é a chasadh thart. Thig leat rudaí a chlampáil den tábla.
An colúnSuíonn an colún ar an bhonn. Suíonn an druilire ar an cholún.
An bonnIs as iarann teilgthe, de ghnáth, a bhíonn an bonn déanta. Bíonn sé iontach trom agus is minic a bholtáiltear den urlár é. Coinníonn sé seo daingean é agus ligeann sé don druilire rudaí troma a iompar go furasta le go dtig leat poll a chur iontu.