Sábha



Sábh Tionúir


Úsáidtear an Sábh Tionúir go forleathan sa tsaotharlann agus tá sé fóirsteanach leis an chuid is mó de na hailt a bheadh de dhíth ort a ghearradh.

Is as adhmad crua nó as ábhar plaisteach is mó a dhéantar an hanla agus déantar an lann ó chruach ardcharbóin.


Cuirtear stiall phráis dhaingnithe ag barr na lainne leis an lann a láidriú agus a choinneáil díreach. Mar gheall ar dhearadh an tsáibh, ní féidir leis cuair a ghearradh. Bíonn idir 10 agus 15 fhiacail ag an Sábh Tionúir in aghaidh gach 25mm.




Sábh Cóipeála


Úsáidtear an Sábh Cóipeála le cuair a ghearradh. Tá lann thanaí ag an sábh a choinnítear idir dhá phionna. Mar gheall ar dhearadh an fhráma, bíonn an lann faoi theannas i rith an ama. Is féidir an sábh a thiontú go measartha furasta istigh i lár an ruda atá á ghearradh, rud a fhágann níos fusa é cuar a ghearradh.

Is féidir an lann thanaí a thiontú go measartha furasta agus tú ag gearradh


An lann a athrú

Tá an lann ar an sábh cóipeála iontach tanaí chun cuair a ghearradh. Cionn is go bhfuil sí chomh tanaí sin, is minic a bhristear lann an tsáibh cóipeála agus is gá í a athrú go measartha rialta.

Má tá an lann briste, ní bheidh teannas ar bith uirthi agus beidh sé furasta an dá thaobh a bhaint amach as na pionnaí. Ag brath ar an sábh, in amanna, bíonn ort an hanla a chasadh thart rud beag. Mura bhfuil an lann go hiomlán briste agus má tá teannas go fóill uirthi, brúigh an dá thaobh den sábh isteach rud beag leis an teannas a ísliú, ansin, beidh tú ábalta an lann a bhaint de na pionnaí.

Thig leat an hanla a chasadh nó na pionnaí a úsáid leis an lann a athrú

Leis an lann nua a chur isteach, seans gur gá rud beag brú a choinneáil ar an sábh lena ligean duit an lann a chur thar na pionnaí. Déan cinnte de go mbíonn na fiacla ag dul an treo ceart
Nuair a bhíonn an lann san áit cheart agus na pionnaí i bhfostú inti, cas an hanla arís lena chinntiú go mbíonn an lann teann agus díreach.




Scrollsábh

Is sábh beag leictreach é an scrollsábh. Úsáidtear an Scrollsábh le cuar cruinn a ghearradh amach go gasta as adhmad, miotal nó plaisteach.

In áit an sábh a bhogadh, tiontaíonn tú an saotharphíosa de réir mar a chuireann tú tríd an sábh é


Cionn is go bhfuil an lann iontach tanaí, bíonn na gearrthacha iontach mín agus beacht. Tá sé níos fusa cuair a ghearradh le scrollsábh ná mar atá le sábh cóipeála cionn is go dtig leat an t-ábhar atá á ghearradh (an t-adhmad, mar shampla) a bhogadh seachas an sábh féin. Is féidir an tábla beag faoin lann a chasadh go dtí uillinneacha difriúla le cuidiú leat na gearrthacha a dhéanamh mar is ceart.

Is féidir an saotharphíosa a chur ar an tábla beag agus é a thiontú agus a bhogadh lena chur tríd an sábh




Sábh Miotail

Mar a thugann an t-ainm le fios, úsáidtear an sábh seo le miotal a ghearradh de ghnáth ach is féidir é a úsáid le plaisteach a ghearradh fosta.

An sábh miotail


Is sábh láimhe é, a bhfuil C-fráma air. De ghnáth, úsáidtear ‘Fiacla in aghaidh an Orlaigh’ nó TPI (teeth per inch) le cur síos a dhéanamh ar na lanna – seo an méid fiacla atá ann i ngach 25mm (1 orlach). In amanna, tugtar céim na lainne air fosta – an méid fiacla atá i ngach 25mm. Mar shampla, bíonn idir 14 fhiacail agus 32 fiacail in aghaidh an 25mm ag an sábh miotail.

Thig leat an lann a athrú ag brath ar an mhiotal atá tú a ghearradh.


Agus tú ag cur lann úr ar an sábh, ba cheart fiacla na lainne a bheith ag díriú ar shiúl ó hanla an tsáibh. Déanann tú an gearradh nuair a bhrúnn tú an sábh ar shiúl uait féin.

Uirlisí – baile