Sábháilteacht ar líne


Is áis iontach é an t-idirlíon a ligeann duit bheith i dteagmháil le daoine fud fad an Domhain, ach tá contúirtí go leor ag baint leis fosta


Tá cumhacht an Idirlín dochreidte agus is rud maith é, cuid mhaith den am. Caithfidh muid bheith meabhrach i gcónaí, áfach, ar na contúirtí agus an phriacail a bhaineann leis an idirlíon, ar bhealaí difriúla agus ar leibhéil dhifriúla.

Tá paradacs mór ag baint leis an idirlíon sa mhéid is go bhfuil a fhios againn, go cinnte, nach bhfuil gach rud a fheicimid, ná a léimid, ná a phóstálann cairde linn ar an idirlíon fíor. Tugann sé seo orainn, in amanna, a bheith ag smaoineamh gur sórt ‘saol fíorúil’ é an t-idirlíon agus nach fíor-rudaí iad na rudaí a tharlaíonn ar líne. An baol is mó a thagann leis seo ná nach mbímid chomh cúramach céanna faoin mhéid a dhéanaimid féin ar líne. Bíonn claonadh orainn rudaí a dhéanamh ar líne nach ndéanfadh muid san fhíorshaol – agus is é sin an áit a luíonn na contúirtí dúinn.

Chonaic mé ar an idirlíon é – caithfidh sé go bhfuil sé fíor!


Bíonn impleachtaí ag gach rud a dhéanaimid ar líne ar ár saol laethúil. Is sórt scátháin é an t-idirlíon den fhíorshaol. Agus mar atá amhlaidh leis an fhíorshaol, tá cuid mhór daoine amuigh ansin a bhíonn ag iarraidh dochar a dhéanamh dúinn agus tá a fhios acu cuid mhór dóigheanna leis an idirlíon a úsáid leis sin a dhéanamh.

Tá go leor daoine ann a úsáideann an t-idirlíon chun dochar a dhéanamh do dhaoine eile

Ná bímis den bharúil gur saol fíorúil é an tIdirlíon. Bímid ag idirghníomhú le fíordhaoine ann agus bíonn fíor-impleachtaí ag gach rud a dhéanaimid ar líne


An rud is tábhachtaí a gcaithfidh muid bheith meabhrach air agus muid ar líne ná go bhfuil sé fíor agus tá na daoine a úsáideann é fíor. Ba cheart dúinn meas a léiriú ar úsáideoirí idirlín eile agus ba cheart dúinn a choinneáil i gcuimhne i gcónaí go bhfuil go leor contúirtí ag baint leis an idirlíon.

Cuideoidh na leideanna seo a leanas linn fanacht sábháilte agus muid ar líne:


1. Cosain do chlú féin ar líne:

Smaoinigh, agus smaoinigh arís, sula bpostálann tú rud. Tá lorg choise digiteach againn uilig agus fanann an lorg choise digiteach sin linn. Ná postáil rud anois a mbeadh aiféala ort mar gheall air níos faide anonn. Maireann postálacha agus rudaí a fhoilsíonn tú ar líne tamall iontach fada agus thig le daoine eile seatanna scáileáin a ghlacadh agus rudaí a roinnt go poiblí.

Thig le daoine do chuid postálacha a roinnt go furasta

 

Agus ná déan dearmad go bhfuil sé in éadan an dlí rudaí bréagacha a phostáil a mhilleann clú daoine eile nó a chuireann isteach ar phríobháideachas daoine eile.

Ná postáil rud ar bith a mbeidh tú brónach faoi níos moille! (Pic: Roquillo Tebar@shutterstock.com)


Smaoinigh ar do lorg coise digiteach – nuair a phóstálann tú rud ar líne, foilsíonn tú don domhan mór é agus bíonn sé thar a bheith deacair é a bhaint aníos ón idirlíon arís. Bí cinnte go mbeidh rian de fágtha áit éigin! (Pic: thodonal88@shutterstock.com)

 

2. Bíodh a fhios agat cén áit a dtig leat cuidiú a fháil:

Má phostálann daoine rudaí clúmhillteacha nó bréagacha fútsa, nó rudaí a chuireann isteach ar do phríobháideachas féin, tá cuidiú ar fáil duit. Is féidir rudaí mar seo a thuairisciú do sholáthróirí seirbhíse agus is féidir rudaí a bhlocáil agus a scriosadh. Mar shampla, má phostálann duine rud mailíseach fút ar Facebook, thig leat Facebook a chur ar an eolas faoi seo agus an rud a bhaint anuas. Má tharlaíonn rud ar líne a chuireann isteach ort, ní bhíonn sé rómhall, in am ar bith, a rá le duine éigin. Ba cheart duit fosta, ar ndóigh, an duine a bhlocáil.

Tá dóigheanna ann le drochiompar ar líne a stopadh, ní chaithfidh tú cur suas leis! (Pic: Qualit Design@shutterstock.com)

 

3. Ná géill do bhrú ó chairde ná ó dhaoine eile a mbíonn tú ag dul thart leo:

Ná déan rud ar bith agus ná postáil rud ar bith nach bhfuil tú compordach leis. Chomh luath is chliceálann tú ‘send’ tá an rud foilsithe don domhan mór – ní thig leat é a ghlacadh ar ais! Comhairle mhaith ná ‘Ná postáil rud ar bith nár mhaith leat do mhamó é a fheiceáil!

Ná postáil rud ar bith nach ligfeá do do mhamó é a fheiceáil (Pic: Prostock-studio@shutterstock.com)

 

4. Bíodh meas agat ar an dlí:

Ag an tús, nuair a tháinig an t-idirlíon amach agus nuair nach raibh mórán daoine á úsáid, shíl daoine, ar bhealaí, nach rud fíor é agus go dtiocfadh leat rudaí a dhéanamh ar líne nach dtiocfadh leat iad a dhéanamh san fhíorshaol. Tá sin athraithe go mór. Is bunchuid den saol é an t-idirlíon anois agus bíonn rialtais, fud fad an domhain, i gcónaí ag iarraidh dlíthe a athrú leis seo a léiriú.

Caithfidh muid a thuiscint go bhfuil muid ag plé le fíordhaoine, nuair a bhímid ag plé le daoine eile ar líne (Pic: Dragana Gordic@shutterstock.com)

 

Bíonn impleachtaí, mar sin de, ag gach rud a dhéanann tú ar líne. Má scríobhann tú nó má phostálann tú rudaí bréagacha faoi dhaoine nó má chuireann tú isteach ar phríobháideachas daoine, is féidir go mbeadh an dlí anuas ort. Má ‘ghoideann’ tú ceol nó scannáin, mar atá, má théann tú ar shuíomhanna mídhleathacha le ceol nó scannáin a fháil gan íoc astu, is féidir fosta, go mbeadh an dlí anuas ort.

Má ‘ghoideann’ tú obair chruthaitheach daoine eile ar líne, tá seans ann go dtiocfadh lucht dlí sa tóir ort (ach níos tábhachtaí – níl sé deas, seo slí bheatha daoine agus tá tusa ag glacadh torthaí a gcuid oibre gan chead) (Pic: Griboedov@shutterstock.com)

 
5. Úsáid foinsí ciallmhara agus ná goid smaointe daoine eile!

Tá lear mór eolais ar fáil tríd an idirlíon, ar an drochuair, ní eolas úsáideach é uilig! Má tá tú ag iarraidh taighde a dhéanamh faoi rud éigin ar líne, úsáid foinsí eolais a dtig leat muinín a bheith agat astu agus seiceáil píosaí eolais le foinsí eile lena chinntiú go bhfuil siad ceart sula n-úsáideann tú iad.

Seiceáil gach eolas a fhaigheann tú ar líne! (Pic: arna chur in oiriúint ó Chris Pirillo)

 

Ná cóipeáil agus greamaigh píosaí móra eolais focal ar fhocal lena ligean ort gur tú féin a scríobh iad. Má úsáideann tú smaointe nó obair duine eile, déan sin soiléir. Léigh an t-eolas ar líne le go dtuigfidh tú é, ansin, thig leat do chuid focal féin a úsáid leis an eolas a chur ar fáil i do stíl féin do dhaoine eile.

Ná goid smaointe daoine eile (Pic: Monster e@shutterstock.com)

 

6. Cosain do chuid sonraí féin agus bí cúramach faoi rudaí a oscailt agus a íoslódáil.

Tá sé thar a bheith furasta rudaí a roinnt ar líne, ach, in amanna, is drochrud é seo. Caitheann go leor daoine an lá ar fad ag treabhadh tríd an idirlíon, ag iarraidh sonraí príobháideacha daoine eile a ghoideadh – ná lig dóibh. Bí iontach cúramach faoi na sonraí a roinneann tú ar líne agus faoi na suíomhanna ar a roinneann tú iad.

Coinnigh do chuid sonraí príobháideacha príobháideach!

 

Caithfidh muid bheith iontach cúramach fosta faoi na rudaí a íoslódálaimid agus faoi na teachtaireachtaí a osclaímid. Mura bhfuil muinín agat as an duine a chuir chugat é nó as an suíomh idirlín ar a bhfuil sé, NÁ hOSCAIL É!

Bí cúramach faoi rudaí a osclaíonn tú!

 

NAISC ÚSÁIDEACHA

https://www.webwise.ie/ga/

http://www.saferinternetday.ie/ga/

https://www.webwise.ie/ga/muinteoiri/faigh-acmhainni/

 

Dhá thuairisc a rinne Meon Eile ar an chibearbhulaíocht


Meon Eile in Ardscoil Naomh Pól, co. Ard Mhacha 




Meon Eile i bPobalscoil Ghaoth Dobhair 


(Mura n-oibríonn ceachtar den dá fhíseán – gheobhaidh tú bunalt Meon Eile anseo.)